Staidéar Píolóta 2019


Spreag an t-aiseolas ó na múinteoirí muid chun leanúint ar aghaidh le fís SingFónaic. D’athraíomar an leagan amach den chlár ionas go raibh na príomh gnéithe den chlár níos inrochtanaí i.e. an Aibítir Ghaelach, na leibhéil, rainn agus amhráin etc.


Sí ceann de na príomh aidhmeanna atá ag foireann SingFónaic ná go bhfoghlaimeoidh na daltaí an Aibítir Ghaelach agus na fuaimeanna Gaeilge trí charachtair grinn cosúil le Bobaí Broc, rainn, dánta, amhráin, leibhéil fónaice agus cluichí.

Tuigeann foireann SingFónaic go bhfuil greann agus spraoi mar ghné riachtanach i bhfoghlaim na páistí. Tá cluichí spraoiúil deartha againn bunaithe ar na carachtair agus ar na leibhéil fónaice.


Níl aon amhras orainn go mbeidh SingFónaic rathúil agus go neartófar scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta agus comhrá na ndaltaí amach anseo.