Nuacht SingFónaic


Gaeloideachas Tionól Forbartha - Samhain 2019

Tá cúis áthais orainn a rá go mbeidh Foireann SingFónaic i láthair ag Tionól Forbartha Gaeloideachas in óstán Pháirc Bhaile an Róistigh, Corcaigh an Aoine seo an 15ú Samhain.

   Seastáin agus Fógraí >>>

Beidh comórtas 'Duaischárta' ar siúl ar an lá céanna. Gheobhaidh gach múinteoir a thagann ar cuairt chuig seastán SingFónaic stampa ar a nduaischárta! Cuirfear na cártaí seo i dtarraingt le haghaidh duaiseanna éagsúla ag deireadh an lae.

Sé an dea-nuacht ná go bhfuilimid ag tairiscint Ceadúnas Uile Scoile SingFónaic Bliana mar dhuais sa tarraingt 'Duaischárta'. Is féidir leis an mbuaiteoir dul i dteagmháil linn chun ceadúnas uile-scoile a chruthú.

Chomh maith leis an nuacht SingFónaic iontach sin táimid ag reachtáil tarraingt eile; 'An Ticéad Órga'. Ní gá duit ach duit ach na sonraí seo a leanas a scríobh ar an 'Ticéad Órga:

Ainm an mhúinteora, Ainm & seoladh na scoile, Ríomhphost an mhúinteora/príomhoide


Príobháideachas - Leathanach 2 >>>