Sraith Cártaí Comhrá
<<< Ainligh thar an íomhá ar chlé chun pictiúr níos mó a fheiceáil.
Táimid ag iarraidh cuidiú le scileanna comhrá agus cumarsáide na bpáistí sa seomra ranga agus sa bhaile. Chuige seo tá sraith "Cártaí Comhrá" cruthaithe againn.
Tá na "Ceisteanna" agus "Freagraí" bunaithe ar na téamaí ón gcuraclam agus ar na carachtair ó chlár fónaice SingFónaic. Is agallamh beirte atá i gceist.
a) Cuireann páiste A (Seán) an cheist agus freagraíonn páiste B (Síle) an cheist.
b) Is féidir le páiste A (Seán) malartú le páiste B (Síle) ag deireadh an chomhrá.
c) Is féidir le páiste A (Seán) agus páiste B (Síle) malartú le grúpa eile nuair atá siad críochnaithe an agallamh beirte.
Toisí: Thart ar 20.8cm ar airde x 14.5cm ar leithead le haghaidh gach cárta. Meachán: Thart ar 300g.
Cur Síos: Is féidir an tsraith iomlán de 22 Cártaí Comhrá lannaithe a úsáid sa seomra ranga nó sa bhaile. Tabhair faoi deara gur féidir na cártaí a úsáid i bpáirt leis an leagan ar líne.
Tabhair cuairt ar an leathanach seo agus cliceáil an cnaipe dár teideal "Físeán - Cártaí Comhrá" os cionn an timpeallán chun léiriú de na cártaí a úsáid sa seomra ranga a fheiceáil.
Seachadadh: Tógfaidh sé suas le 10 laethanta oibre do chuid "Cártaí Comhrá" a sheachadadh chugat.
Téarmaí & Coinníollacha: Féach ar ár Téarmaí & Coinníollacha.
|