Seomra Teagaisc

Aibítir Ghaelach
Fónaic - Aibítir Ghaelach

Labhraíonn muid sa físeán teagaisc seo faoin Aibítir Ghaelach. Buailfidh tú le roinnt de na carachtair i SingFónaic i.e. Freda Fónaic, Fergus Fada, Andaí Asal agus Bobaí Broc!

Leibhéal 1
Fónaic - Leibhéal 1

Labhraíonn muid sa físeán teagaisc seo faoi Leibhéal a 1. Sí an riail ná 'litir amháin, fuaim amháin'.

Leibhéal 2
Fónaic - Leibhéal 2

Labhraíonn muid sa físeán teagaisc seo faoi Leibhéal a 2. Sí an riail ná 'dhá litir, fuaim amháin'. Foghlaimeoidh tú faoi na liostaí deachtuithe atá leagtha amach i bhfoirm táblaí le haghaidh na sprioc fhuaimeanna go léir.

Leibhéal 3
Fónaic - Leibhéal 3

Labhraíonn muid sa físeán teagaisc seo faoi Leibhéal a 3. Foghlaimeoidh sibh faoi léirithe d'fhuaimeanna; tá bealaí éagsúla chun an fhuaim chéanna a litriú.

Na Pleananna Ceachta
Acmhainní -
Na Pleananna Ceachta

Labhraíonn muid sa físeán teagaisc seo faoi na Pleananna Ceachta. Tá plean ceachta deartha le haghaidh gach fuaim i SingFónaic. Foghlaimeoidh tú conas atá clár SingFónaic ailínithe leis an gCuraclam Teanga Nua i.e. toraidh foghlama cosúil le Fónaic agus Aithint Focal.

Íoslódálacha
Acmhainní -
Íoslódálacha

Tugann muid léargas daoibh de na hachmhainní atá ar fáil i SingFónaic; liricí de rainn, amhráin agus dánta, carachtair SingFónaic, táblaí fónaice le híomhánna. Is feidir leat gach acmhainn a íoslódáil agus a phriontáil amach.

Ceol
Acmhainní - Ceol

Gheobhaidh sibh blas de na rainn agus amhráin atá ar fáil i SingFónaic sa físeán teagaisc seo. Tá na hamhráin cosúil leis 'An Aibítir Ghaelach' agus 'Fergus Fada' oiriúnach le haghaidh na bunranganna. Tá na hamhráin cosúil leis 'An Sár-Shéimhiú' agus 'An Damhsa Gaelach' oiriúnach le haghaidh na hard ranganna.

Cluichí
Cluichí

Gheobhaidh sibh blas de na cluichí atá ar fáil i SingFónaic sa físeán teagaisc seo. Is féidir cluichí cosúil le 'Spraoi' agus 'Draoi' a úsáid le haghaidh measúnú sa seomra ranga. Is féidir leis an múinteoir measúnú a dhéanamh an bhfuil na sprioc fhuaimeanna ar eolas ag na páistí.