Spreagadh
le haghaidh
SingFónaic

Cá bhfuair mé an smaoineamh agus an spreagadh le haghaidh SingFónaic? Bhí mé ag múineadh Rang a Trí ar feadh cúpla bliain i scoil náisiúnta. Thug mé faoi deara nach raibh formhór na daltaí in ann bunfhuaimeanna Gaeilge a fhuaimniú i gceart; mar shampla, na fuaimeanna comónta ‘th’, ‘ch’, ‘sh’ agus ‘bh’.

Bhí na daltaí ag baint úsáid as a stór fónaice Béarla seachas a stór fónaice Gaeilge nuair a bhí siad ag tabhairt iarracht ar fhocail Ghaeilge a dhíchódú. D’fhoilsigh an Roinn Oideachais Curaclam Teanga na Bunscoile i 2015 agus leagan athbhreithnithe i 2019 le haghaidh na ranganna go léir. Cuirtear béim sa churaclam nua teanga ar an bhfhónaic agus ar fheasacht fhóineolaíoch a mhúineadh do dhaltaí bunscoile ó na naíonáin bheaga ar aghaidh.

Chuaigh mé i dteagmháil le foireann Fiontair Áitiúil Contae na Mí. Mhol siad dúinn staidéar píolóta a dhéanamh le trí scoil náisiúnta. Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh faoin staidéar píolóta i 2019.

Bheartaigh mé clár fónaice Gaeilge a chruthú atá ailínithe leis an gCuraclam Teanga Nua. Is ceann de na príomhaidhmeanna atá ag foireann SingFónaic ná go bhfoghlaimeoidh na daltaí an Aibítir Ghaelach agus na fuaimeanna Gaeilge trí charachtair cosúil le Bobaí Broc, rainn, dánta, amhráin, leibhéil fónaice córasacha, cluichí agus ríomhleabhair (r-leabhair).



Tuigeann foireann SingFónaic go bhfuil an greann agus an spraoi ina ngnéithe riachtanacha d’fhoghlaim páistí. Tá cluichí spraíúla deartha againn bunaithe ar na carachtair agus ar na leibhéil fónaice.

Níl aon amhras orainn ach go mbeidh SingFónaic rathúil agus go neartófar scileanna léitheoireachta, scríbhneoireachta, foghraíochta agus comhrá daltaí amach anseo.

SingFónaic abú!